- 歌詞
- 專輯列表
The Gloaming
-
Freedom / Saoirse
Raghaidh mé síos i measc na ndaoine De shiúl mo chos Is raghaidh mé. síos anocht
Raghaidh mé síos ag lorg daoirse Ón mbinibshaoirse Tá ag liú anseo:
Is ceanglód an chonairt smaointe Tá ag, drannadh im thimpeall San uaigneas:
Is loirgeod an teampall rialta Bhionn lán de dhaoine Ag am fé leith:
Is loirgeod comhluadar daoine Nár chleacht riamh saoirse Ná uaigneas: Is éistfead leis na scillingsmaointe A malartaítear Mar airgead:
Is bhféarfad gean mo chroí do dhaoine Nár samhlaidh riamh leo Ach macsmaointe
Ó fanfad libh de ló is d'oiche Is beidh mé íseal Is beidh mé dílis D'bhur snabsmaointe
Mar do chuala iad ag fás im intinn Ag fás gan chuimse Gan mheasarthacht
Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar Don rud tá srianta Don gach macrud:
Don smacht, don reacht, don teampall daoineach Don bhfocal bocht coitianta Don am fé leith: 更多更詳盡歌詞 在 ※ Mojim.com 魔鏡歌詞網
Don ab, don chlog, don seirbhiseach Don chomparáid fhaitíosach Don bheaguchtach:
Don luch, don tomhas, don dreancaid bhideach Don chaibidil, don líne Don aibítir:
Don mhórgacht imeachta is tíochta Don chearrbhachas istoíche Don bheannachtain:
Don bhfeirmeoir ag tomhas na gaoithe Sa bhfómhar is é ag cuirnhneamh Ar pháirc eornan:
Don chomhthuiscint, don chomh-sheanchuimhne Do chomhiompar comhdhaoine Don chomh-mhacrud
Is bheirim fuath anois is choíche Do imeachtaí na saoirse Don neamhspleáchas
Is atuirseach an intinn A thit in iomar doimhin na saoirse Ní mhaireann cnoc dar chruthaigh Dia ann Ach cnoic theibi, sainchnoic shamhlaíochta Is bíonn gach cnoc díobh lán de mhianta Ag dreapadóireacht gan chomhlíonadh Nil teora leis an saoirse Ná le cnoca na samhlaíochta Ná níl teora leis na mianta Ná faoiseamh Le fail Description 1 Contributor ?
This song is equal parts Iarla & Thomas, built around the inchworm, earworm-like piano melody which was originally heard in a brief interlude on Doveman's first record for Brassland. The lyrics are adapted from Irish poet Seán O'Riordáin 'Saoirse,' and speak to the struggle between individuality and serving a tribal code, between creative freedom and containment.
-
|